Adam Mac Donnacha

Aisteoir: Seán Ó Baoill

Clann & Caidrimh: Angela Mhic Dhonncha (máthair), Niamh O’ Shea, Fia Ní Chonghaile

Slí bheatha: Freastalaí (I dTigh Ghaudi, sa Siopa & i dTigh Kheane)

Thóg Adam an nádúr marthanais atá aige ó bheith ag faire ar a athair i mbun gnó, agus a chuid suáilcí measctha óna mháthair.

Ba le Niamh a bhí an chéad chaidreamh aige i Ros na Rún ach níor chríochnaigh rudaí go maith eatarthu, bhain sé úsáid aisti chun drugaí a iompar dó níos mó ná bheith i gcaidreamh léi. ‘Sí Fia an chéad chailín eile agus an cailín deireanach a raibh Adam i gcaidreamh léi. Cheapamar ar fad go raibh sé dáiríre fuithí ach bhí rud éigin á cheilt aige; tá sé aerach. É sin ráite, bhí sé an-cheanúil ar Fhia agus bhí grá fós aige di agus do Liam Óg.