Áine Ní Dhireáin

Aisteoir: Doireann Ní Fhoighil

Clann & Caidrimh: Frances Uí Dhireáin (máthair), Tadhg Ó Direáin (athair), Jason O’ Connor (leathdheartháir), Cuán O’Connor (nia), Jay Óg (nia), Minnie Uí Bhrádaigh (seanmháthair), George Ó Brádaigh (seanathair).

Tá meascán de thréithe in Áine – tá sí dána, mothálach, míréireach, smaointeach agus sleamhain. Cé go bhfuil Áine fós óg is léir go bhfuil sí glic, rud a chuireann gliondar ar a hathair.

Is cailín beag cliste í Áine, bheir sí bua ar chorn na scoile i gComórtas Litriú i Sraith 21. Tá sí breá ábalta a cuid cleasanna beaga a oibriú ar a Mamaí agus Daidí.