Joe Steve Ó Neachtain

Jan 20, 2020 | Nuacht, Uncategorized @ga, Uncategorized @ga

Joe Steve Ó Neachtain 1942 – 2020

 

Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain agus bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil. 

D’fhág Joe Steve Ó Neachtain lorg buan ar shaol na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeilge mar cheannródaí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus mar scríbhneoir ildánach. 

Cuireadh aithne air chomh maith ar fud na tíre mar gheall ar a pháirt mar Pheadar Ó Conghaile ar Ros na Rún agus thug sé 21 bliain leis an sobaldráma Gaeltachta.

Fear Gaeltachta go smior ab ea é agus ba iad a mhuintir féin, a phobal féin agus a theanga féin ba ghaire dá chroí. 

Scríbhneoir ildánach ab ea é a scríobh drámaí, gearrscéalta, úrscéalta, filíocht, sceitseanna, amhráin, geamaireachtaí agus agallaimh bheirte. 

Bhí an-tóir ag an bpobal ar a chuid filíochta agus ar a chuid drámaí.

Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile Máirín, a mbeirt iníonacha, Luisne agus Aisling, a mac Páid, a mhuintir agus a chairde go léir.

Ní bheith a leithéid ann arís.