Amy Ní Bhaoil

Aisteoir: Úna Ní Fhlatharta

Caidreamh: Evan, Fiach. Is ‘Tadhg a’ dá thaobh’ de shaghas í Amy, athraíonn sí a pearsantacht ag braith ar ché lena bhfuil sí. I Sraith a 18 bhí Amy i gcaidreamh le Evan agus thug sí léargas ar stíl mhaireachtála éagsúil dó. Bhí Amy i gcaidreamh le Fiach i Sraith 20 agus lig sí uirthi go raibh sí ag súil lena pháiste. D’fhill Amy i Sraith 22 agus bhí sí bainteach leis an Raidió Pobail.