An tAthair Éamonn

Aisteoir: Peadar Ó Treasaigh

Tá sé fuirist don Athair Eamonn ceangal a bheith aige le daoine eile agus tá scil faoi leith aige labhairt go séimh agus go mothálach le daoine seachas go tomhaiste. Tá cion ag daoine air agus éiríonn go maith leis le méid mór daoine difriúla.

Bhí an-thionchar ag múinteoir de chuid na mBráithre Críostaí air agus chuir sé é ag smaoineamh faoi shaol an tsagairt. Bíonn an chuma air uaireanta go bhfuil sé scaipthe ach ní mar sin atá.

Bíonn sé ag streachailt le múineadh an Eaglais Chaitlicigh ar ghnéas agus ar an bpósadh; ní chreideann sé san eaglais institiúideach ach creideann sé go bhfuil an teachtaireacht atá ag an eaglais fós tábhachtach.

Tá an-dúil ag an Athair Eamonn sa spórt agus is fearr leis an pheil Ghaelach thar aon rud eile. Tacaíonn sé le is an gCaisleán Nua agus is minic dó deifir a dhéanamh le haifreann an tSathairn chun dul chun breathnú ar an bpríomhshraith.