Annette Ní Dhonnchú

Aisteoir: Mali Uí Chlochartaigh

Clann & Caidrimh: Seán Ó Cualáin

Slí bheatha: Freastalaí sa siopa agus i dTigh Thaidhg

Phós Annette Seán Ó Cualáin ag 23 bliain d’aois agus tá ceathrar clainne acu. Tá Annette agus Seán scartha óna chéile anois. Ní bhíonn bia míshláintiúil nó siúcra ag gasúir Annette. Ní bhíonn mórán rogha acu rudaí a dhéanamh dóibh féin, eagraíonn Annette gach rud roimh ré agus go beacht. Cáineann sí tuismitheoirí eile agus na modhanna tuismitheoireachta atá acu uaireanta; is dóigh léi go bhfuil an ceart aici faoi na rudaí seo.

Bhí fadhb airgid i gcónaí ag Seán agus de bharr a chuid fiacha, ní raibh sé ábalta aon airgead a íoc léi.