Berni Ní Neachtain

Aisteoir: Fionnuala Ní Fhlatharta

Clann & Caidrimh: Jude Uí Neachtain (máthair), Evan Ó Conghaile (mac), Máire Uí Chonghaile (iar-mháthair chéile), Peadar Ó Conghaile (iar-athair céile, nach maireann), Leanora O’Connor (neacht, nach maireann), Andy Ó Neachtain (deartháir), Liam Ó Conghaile (nach maireann), David Ó Laoire, Micheál Seoige, Cathal Hennessy (nach maireann), Briain McDonagh.

Slí bheatha : Comhúinéir Chúlchaint, an caifé áitiúil.

Tá sí uaillmhianach, gustalach agus acmhainneach, bíonn díocas uirthi déanamh go maith sa ghnó agus ní maith léi go bhfaigheadh aon duine an ceann is fearr uirthi. De thoradh na dtrioblóidí a bhí aici ina teaghlach féin, ní ligeann sí léi féin go héasca. Léirítear an éadaingne sin mar thréith diúltach ina pearsantacht. Is féidir léi a bheith cosantach agus í ag déileáil le cáineadh ó dhaoine, cé gur féidir léi féin a bheith an-cháinteach ar dhaoine eile. Tá sé iontach tábhachtach di an taobh is fearr a léiriú i gcónaí.

Phós Berni a grá geal Liam nuair a bhí sí óg agus bhí sí croíbhriste nuair a tháinig deireadh leis an bpósadh.

Phós sí Micheál ina dhiaidh sin agus cé go raibh sí an-cheanúil air, ní raibh sí i ngrá leis riamh. Scar siad i Sraith a 12. Bhí sí i gcaidreamh le David ina dhiaidh sin ach tháinig deireadh leis an gcaidreamh sin chomh maith.

Tá sí cosantach faoina mac Evan agus bíonn sé deacair uirthi uaireanta é a ligint amach sa saol mór.

Tá Berni ag iarraidh saol gan locht a chruthú agus mian a croí d’fhear a fháil.

I sraith 22 thosaigh Berni agus cara le Evan, Briain, caidreamh lena chéile agus tá siad i gcaidreamh fós.