Bobbi Lee Uí Neachtain

Aisteoir: Annamaria Nic Dhonnacha

Clann & Caidrimh: Leanora O’Connor (iníon, nach maireann), Cuán O’Connor (garmhac), Jason O’Connor (iar-chliamhain), Andy Ó Neachtain (iar-fhear céile)

Slí bheatha : Amhránaí / Freastalaí Beáir

Lena pearsantacht ollmhór, níl aon rud beag faoi Bobbi-Lee. Bíonn sí i gcónaí ar tí an ‘hit’ mór sin de cheirnín a dhéanamh, ach arís agus arís eile críochnaíonn sí suas leis na gormacha i gcúlsráid éicínt den bhaile. Is maith le Bobbi-Lee aird na bhfear a bheith uirthi ach níl saol socair suaimhneach ar cheann de na clocha ar a paidrín.

Bhí Bobbi Lee i gcaidreamh foréigneach le Andy, a raibh sí go mór i ngrá leis. Níor tháinig deireadh leis an bhforéigean nuair a rugadh iníon leo, Lee agus bheartaigh Bobbi Lee go drogallach dul thar sáile agus Lee a fhágáil ina diaidh. Chreid sí i ndáiríre go rachadh sí ar ais chun í a thabhairt léi ach bhí ag éirí thar barr léi i saol an cheoil tíre. Chreid sí nach ngortódh Andy Lee riamh agus nach mbeadh an saol ar an mbóthar go maith do pháiste óg. D’fhill sí ar Ros na Rún i sraith 18 chun iarracht a dhéanamh a caidreamh lena hiníon a fheabhsú.

Cailleadh Lee i dtimpiste bhóthair i sraith 19.