ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Berni Ní Neachtain

Aisteoir: Fionnuala Ní Fhlatharta

Clann & Caidreamh: Evan Ó ConghaileMáire Uí Chonghaile, Peadar Ó ConghaileSarah Uí Fhlatharta, Leanora O'Connor, Cathal Hennessy, Andy Ó Neachtain, Jude Uí Neachtain, Liam Ó Conghaile

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Comhúinéir Chúl Chaint, an caifé áitiúil.


Tá sí uaillmhianach, gustalach agus acmhainneach, bíonn díocas uirthi déanamh go maith sa ghnó agus ní maith léi go bhfaigheadh aon duine an ceann is fearr uirthi. De thoradh na dtrioblóidí a bhí aici ina teaghlach féin, ní ligeann sí léi féin go héasca. Léirítear an éadaingne sin mar thréithe diúltacha ina pearsantacht. Is féidir léi a bheith cosantach agus í ag déileáil le cáineadh ó dhaoine, cé gur féidir léi féin a bheith an-cháinteach ar dhaoine eile. Tá sé iontach tábhachta di an taobh is fearr a léiriú i gcónaí. Tá sí ina máthair marsúipiach nach bhfuil sásta a mac, Evan, a ligean amach as an bpúitse mearfach.

Tá Berni ag iarraidh saol gan locht a chruthú agus mian a croí d'fhear a fháil.