ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Mack Ó Riain

Aisteoir: Pól Ó Gríofa

Clann & Caidreamh: Mo Gilmartin, Úna Ní Riain

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Úinéir Hacnaí / Scaireanna sa Chaifé


Níl aon seafóid ag baint le Mack, tá sé cairdiúil agus pearsanta. Tá sé ábhailleach lena ghreann agus is maith leis craic a bheith aige lena chairde. Tá cuma muiníneach air agus is éasca leis daoine a chur ar a suaimhneas. Níl aon ádh air le cúrsaí grá cé gur mian leis socrú síos agus gasúir a bheith aige. Ní aon uair amháin a chuir sé i mbaol é féin chun cuidiú le daoine eile.