ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Mo Gilmartin

Aisteoir: Marie Bheag Breathnach

Clann & Caidreamh: Mack Ó Riain, Úna Ní Riain

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Bainisteoir an tsiopa geallghlacadóireachta


Reibiliúnach agus cailín báire í de réir nádúir, ach le himeacht ama tá sí athraithe ina bean óg uasal. Ach sin ráite, b'fhearr le Mo a bheith in éineacht leis na leaids ná a bheith ag siopadóireacht don línitheoir súl is déanaí. Cé nach bhféadfá a rá gur bean í a dteastaíonn peataireacht uaithí, ní shin le rá nach mian léi go mbeadh daoine measúil agus mothálach léi.


Tá sí fírinneach, dílis agus diongbhálta; ní ligfidh sí uirthi go bhfuil sí mór leat os do chomhair agus ansin a bheith ag cúlchaint fút agus tú imithe. Níl aon deacracht ag Mo an scéal a insint mar atá sé agus ní bhíonn sí ag iarraidh éalú ó chúinsí.