ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Caitríona Ní Loideáin

Aisteoir: Máire Eilís Ní Fhlaithearta

Clann & Caidreamh: Vince de Búrca, Maeve Ní Loideáin, Fiach Ó Tuairisg, Jennifer Uí Thuairisg

Beathaisnéis:

Slí bheatha :  Úinéir Loinnir, an sciamhlann áitiúil 


Bean í Caitríona atá faiseanta, téisiúil, meabhrach agus uaillmhianach ach go bhfuil tréith an leithleachais inti chomh maith.  Mar gheall ar an leithleachas sin, is minic léi a bheith mífhoighneach, colgach agus géar.  Moltaí is fearr a fhuaraíonn í agus is maith léi bronntanais. Measann Caitríona gurb í féin atá i lár an aonaigh cibé áit ina mbíonn sí. Éiríonn sí teasaí in amanna agus cuirfidh sí a hingne ionat má théann tú ar strae.


Bíonn Caitríona i bhfad níos séimhe agus bíonn sé níos éasca déileáil léi nuair a bhíonn sí faoi gheas na seirce, ach is minic léi a bheith mí-ámharach i gcúrsa grá agus is iomaí crá croí atá faighte aici agus í ar thóir a mian.