ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Evan Ó Conghaile

Aisteoir: Colm Ó Fátharta

Clann & Caidreamh: Berni Ní Neachtain, Máire Uí Chonghaile, Peadar Ó Conghaile, Sarah Uí Fhlatharta, Leanora O'Connor, Cathal Hennessy, Andy Ó Neachtain, Jude Uí Neachtain, Liam Ó Conghaile

Beathaisnéis:

Mac léinn


Tá Evan béasach,  cásmhar agus fonn air i gcónaí daoine a shásamh. Nuair a bhí sé ag fás suas ina ghasúr thuig sé go maith an bealach a mbreathnódh a mháthair ar aon rud a dhéanfadh sé as bealach mar léiriú uirthi féin. Ina ainneoin sin, tá mísc déanta aige níos mó ná uair amháin agus alltacht ar a mháthair dá réir. Tá Evan iontach dílis agus cosantach do Bherni. Mar gheall gur fhás sé suas gan athair, bíonn deacracht aige lena shainiúlacht féin; eiseamláir mhaith sheasmhach dó ina shaol is ea a sheanathair, Peadar.