Aisteoir: Niall Mac Eachmharcaigh
Clann & Caidreamh: Katy Daly
Beathaisnéis:
Slí bheatha : Meicneoir/Leictreoir
Ilcheardaí is ea John Joe agus is maith leis na mná... ar bhealach deas mothaitheach. Cé go bhfuil John Joe "ar an taobh ciotach de 45 agus scuaine gasúr aige" tá saol sona caite aige i Ros na Rún ag filleadh ar an óige a chaill sé. Nuair a thugann gasúir John Joe cuairt air ó am go ham, is iondúil gur páirt carad a imríonn sé seachas a bheith ina athair acu. Bíonn John Joe ag tapú a dheise de shíor agus níl aon fhadhb aige na rialacha a lúbadh chun pingin a chur ina phóca féin.