ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Vince de Búrca

Aisteoir: Paul McCloskey

Clann & Caidreamh: Caitríona Ní Loideáin, Donncha de Búrca,Róise de Búrca, Ríona de Búrca, Sophie de Búrca

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Úinéir Siopa / Grianghrafadóir


Duine tomhaiste é Vince a bhfuil tréith an ionracais agus na cothromaíochta ann; is féidir brath air a bheith muiníneach. Is iondúil go mbíonn caidreamh dainséarach aige le mná, ach nuair a éiríonn leis i gcúrsaí seirce is deacair leis cloí le caidreamh buan aonair. In ainneoin na ndeacrachtaí a thagann ina threo, d'éirigh leis a theacht tríothu i gcónaí, rud nach raibh éasca i bhfianaise ar tharla dó ina shaol seirce agus lena ghasúir.