ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Séamus Ó Catháin (Séamus Mhicil Tom)

Aisteoir: Diarmuid Mac an Adhastair

Clann & Caidreamh: Cóilín Ó Catháin

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Obair pháirtaimseartha Tí Keane


Tá a shaol féin ag Séamus agus níl aon aiféala air faoi sin. Níl aon ghlacadh aige le hamadáin mura bhfuil siad ag soláthar alcóil dó i dteach an óil. Tá suíochán leathbhuan ar an stól aige ag cuntar Tigh Thaidhg agus dá bharr sin tá caidreamh aisteach drogallach cothaithe aige le Tadhg. Duine príobháideach é Seamus a bhfuil meas aige ar a neamhspleáchas. Déanann sé rudaí ar a bhealach féin; níl aon aird aige ar na dlithe a bhaineann le hól, le hiascach ná le déanamh poitín. Cé go bhfuil cuma grusach air ón taobh amuigh tá croí bog aige.