ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Eimear O'Connor

Aisteoir: Seona Tully

Clann & Caidreamh: Eoin Farren, Jason O'Connor, Cuán O'Connor, Leanona O'Connor, Rita O'Connor, Paddy O'Connor

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Tréadlia


Tá cion an tsaoil ag Éimear ar ainmhithe, is breá léi a cuid oibre agus tá féith an ghrinn inti. Tá sí iontach áthasach ó tháinig sí féin agus a deartháir Jason ar ais ag a cheile arís. Agus í ag obair i dtimpeallacht tuaithe ar mó fir ná mná atá ann, ní i gcónaí a tugadh an aird cheart ar Éimear agus dá bharr sin is féidir léi a bheith borb agus masla a bhraith san áit nach raibh sé i gceist. Bhí uirthi seasamh suas di féin agus má bhraitheann sí go bhfuil aon bhagairt i gceist cuireann sí uirthi an éide catha. Tá gaol maith siblíní idir Éimear agus Jason; tá sí iontach dílis agus cosantach dó.