ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Eoin Farren

Aisteoir: Daithí Mac Suibhne

Clann & Caidreamh: Tadhg Ó Direáin, Peigí Farren, Jason O'Connor, Eimear O'Connor

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Conraitheoir Tógála


Tá meangadh tarraingteach ag Eoin a mheallann daoine a bheith oscailte leis. Tar éis a bheith ina chónaí le máthair alcólach, tá Eoin fásta suas ina fhear óg stuama, nó sin an chuma atá ar rudaí. Bíonn deacracht ag Eoin an saol atá caite a scoitheadh ón am i láthair, agus tá deacracht aige maiteanas a thabhairt do Thadhg faoi é féin agus a mháthair a thréigean.  Tá na tréithe ar fad ag Eoin a bheadh Tadhg ag iarraidh a bheith ag Jason.