ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Máire Uí Chonghaile

Aisteoir: Máire Pheitir Uí Dhroighneáin

Clann & Caidreamh: Peadar Ó Conghaile, Evan Ó Conghaile, Sarah Uí Fhlatharta, Berni Ní Neachtain, Liam Ó Conghaile

Beathaisnéis:

Slí bheatha :  Rúnaí Leighis


Tá cuimse eolais aici faoi gach rud atá ag tarlú i saol gach duine eile. Tá neart ábhair aici ó bheith ag obair san ionad leighis agus a bheith ag reáchtáil an aon B&B atá ar an mbaile. Tá ceangal dofheicthe broinne fós ag Máire lena máthair, Sarah. Cé go mbreathnaíonn sé gur dlúthchaidreamh atá eatarthu, is minic leis a bheith míshláintiúil, le falaí agus eaglaí rúnda. Tá gaolmhaireacht den chineál céanna cruthaithe ag Máire le bean a mic, Berni. Tá trialacha agus cruatan an tsaoil curtha di ag Máire le cúnamh óna fear céile dílis, Peadar.