ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Peadar Ó Conghaile

Aisteoir: Joe Steve Ó Neachtain

Clann & Caidreamh: Máire Uí Chonghaile, Evan Ó ConghaileBerni Ní Neachtain, Sarah Uí Fhlatharta, Bríd de Faoite, Liam Ó Conghaile

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Tiománaí Hacnaí


Duine calma, fulangach agus compordach é Peadar. Déanann Peadar iarracht an taobh is fearr de gach duine a fheiceáil, agus dá bharr sin baineann daoine úsáid as ó am go ham. Tá grá mór aige dá bhean chéile cé nach bhfuil sé dall ar a lochtanna. Mar gheall ar an tuiscint mhór atá aige ar Mháire bíonn sé níos éasca aige tionchar a imirt uirthi ná mar a bhíonn ag formhór na ndaoine eile. Ar an drochuair, mar gheall ar an mbealach dioplómaitiúil atá le Peadar, is minic go mbeirtear air sa sáraíocht a bhíonn idir Sarah agus Máire.