ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Tadhg Ó Direáin

Aisteoir: Macdara Ó Fátharta

Clann & Caidreamh: Frances Uí Dhireáin, Jason O'Connor, Áine Ní Dhireáin, Leanora O'Connor, Cuán O'Connor, Eoin Farren

Beathaisnéis:

Slí bheatha : An Tábhairneoir Áitiúil


Is é Tadhg an rógaire i Ros na Rún. Tá a fhios aige go díreach céard atá uaidh agus cén chaoi lena fháil. Is breá leis a bheith ag dul sa seans agus tá sé sásta feall a dhéanamh ar a mhuintir agus ar a chairde más é sin an bealach leis an rud atá uaidh a fháil. Mar gheall ar a leithleachas, gortaíonn sé na daoine is gaire dó. Tá sé diongbháilte ar a chuid cumhachta a choinneáil ar aon bhealach is gá, dúnmharú san áireamh. 


Níl aon duine in ann a chroí a bhogadh ach iad sin is gaire dó.