ENGLISH
<< Ar ais ar innéacs na gcarachtar

Frances Uí Dhireáin

Aisteoir: AnnMarie Ní Óráin

Clann & Caidreamh: Tadhg Ó Direáin, Áine Ní Dhireáin, Jason O'Connor, Leanora O'Connor, Cuán O'Connor, George Ó Brádaigh, Minnie Uí Bhrádaigh

Beathaisnéis:

Slí bheatha : Bainisteoir an Ionaid Phobail/An Tábhairneoir Áitiúil.


Tá cumas iontach ag Frances modh réitigh a fháil le daoine, is cuma cé chomh cosúil nó chomh héagsúil agus atá siad léi féin. Mar gheall ar an tréith sin, creideann a lán daoine go bhfuil aithne mhaith acu uirthi, ach is duine príobháideach í i ndáiríre agus ní ligeann sí a rún go héasca. Níl aon rud níos tábhachtaí di ná a teaghlach. Leis an gcumas atá inti a theacht trí dheacrachtaí an tsaoil, mar aon lena spreac mothúcháin, is bean le háireamh í Frances. Níl aon duine eile a bhfuil an teacht céanna acu ar an taobh bog de Thadhg agus atá ag Frances, agus níl aon deacracht aici seasamh roimhe nuair a imíonn sé den chosán.