Cóilí Jackie

Aisteoir: Máirtín Ó Dubhghaill

Clann & Caidrimh: Sorcha Ní Chonchubhair (neacht)

Slí bheatha: Feirmeoir

Is saghas rógaire nach bhfuil móran scileanna idirphearsanta é Cóilí Jackie. Tá sé sách ceanndána agus is iondúil go mbíonn sé ag argóint le daoine. Ach fós féin, níl aon dochar ann. Fear glan a thugann aire mhaith dó féin. Faightear boladh an ‘Old Spice’ uaidh sular bhfeictear é. Ba é an cara is fearr a bhí aige ná a mhadra Spot agus bhí Cóilí bocht croí bhriste nuair a fuair sé bás.