Colm Gallagher

Aisteoir: Pól Penrose

Clann & Caidrimh: Mo Gilmartin

Fear dathúil é Colm a bhfuil a bhealach féin aige leis na mná. Nuair atá rud uaidh, tá sé chun é a fháil. Chaith sé roinnt blianta sa bpríosún tar éis do Andy dúmháil a dhéanamh air. Chuir Andy iachall air robáil a dhéanamh nó go mbeadh a mháthair maraithe ina áit. D’athraigh sé mar dhuine tar éis a bheith sa bpríosún. Ní raibh sé leath chomh hoscailte ná saonta.

Tá Colm socraithe isteach go maith i Ros na Rún ó shin agus tá sé tite i ngrá le Mo. Tá sé ag déanamh chuile rud atá sé in ann do Mho ós rud é go bhfuil sí ag fulaingt le hailse.