David Ó Laoire

Aisteoir: Seán Mistéal

Clann & Caidrimh: Nell Uí Laoire (máthair), Gráinne Ní Bhraonáin (bean chéile), Briain Mc Donagh (col cúigear).

Slí bheatha: Fear an phoist

Le linn dó a bheith ina shagart chreid David go láidir i nDia ach ní raibh sé in ann glacadh leis an aontumha. Bhí suim mhór aige ariamh i gcúram pobail. Bheartaigh sé bliain a thógáil saor ó na sagairt le machnamh a dhéanamh ar a ghairm; agus tháinig sé go Ros na Rún le bheith ina oibrí sóisialta sa Teaghlach. I Sraith 10 bhí caidreamh aige le Berni, rud a thug air éirí as a bheith ina shagart ar deireadh.

Tá croí mór ag David. Tá sé flaithiúil ó nádúr agus fial lena chuid ama, ach ina chuid iarrachtaí le gach duine a shásamh déanann sé dearmad air féin in amanna. Feiceann sé maitheas i ngach duine ‘s dá bharr sin tá duine nó beirt tar éis teacht i dtír ar a chuid saontachta thar na mblianta. Is duine dílis, cabhrach é, ach ní maith leis aon achrann agus seachnaíonn sé é dá bharr, rud a chuireann cuma na laige air scaití. Réitíonn sé go maith le daoine óga agus daoine fásta araon; leis sin agus chomh tuisceanach is atá sé, rinne sé obair iontach mar oibrí sóisialta.

Bhí David agus Gráinne i ndán dá chéile, thosaigh siad ag dul amach lena chéile i Sraith 21. Phós siad i Sraith 22.

Tar éis dó na blianta ag caitheamh ag obair ar son leas an phobail sa Teaghlach, chaill sé a phost nuair a frítheadh poitín i seilbh ógánaigh. Dhóigh Pól an Teaghlach i Sraith 21 agus tá cógaslann ina áit anois. Tá David ag obair mar fhear an phoist ar an mbaile na laethanta seo.