ENGLISH
<< Ar ais ag teagmháil

Ar mhaith leat a bheith i d’aisteoir i Ros na Rún?


Tá siad ar thóir an chéad réalt mhór Ghaeilge eile!


Tá dráma Gaeilge TG4 'Ros Na Rún', ar thóir aisteoirí nua Gaeilge. Má tá Gaeilge líofa agat agus suim agat san aisteoireacht, seo é do sheans a bheith páirteach i gceann de na sraitheanna drámaíochta is mó sa tír. 


Má tá suim agat éisteacht a dhéanamh, seol do CV chomh maith le grianghraf a tógadh uait le déanaí chuig leiriuchain@rosnarun.com. Beidh Ros na Rún i dteagmháil leat ina dhiaidh sin maidir leis na héisteachtaí. 

Beidh éisteachtaí á reáchtáil ag Ros na Rún timpeall na tíre i rith mí Aibreáin, i mBaile Átha Cliath, Ciarraí agus ar sheit Ros na Rún, ar an Spidéal, Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, glaoigh ar 091 558400.