ENGLISH

Faoi Ros na Rún


Is é Ros na Rún an t-aon tsraith drámaíochta teilifíse atá lonnaithe i gceantar tuaithe in Éirinn. Bhí comóradh 20 bliain i 2015, den tsraith a bhfuil gean an lucht féachana aici go fóill trína snáitheanna scéil a bhaineann le grá, drúis, bréaga agus scéalta i nGaeltacht nua-aimseartha, comhaimseartha.


Déileálann seó TG4 le cúinsí móra sóisialta an tsaoil ó lá go lá le giúmar agus le léargas. Ach fós féin, seo é saol an tsobaldráma agus bíonn saol na gcarachtar cineál difriúil ónár saol féin, lena gcuid fealltóireachta, trioblóidí, rúin agus neart uisce faoi thalamh. Is é an meascán iontach sin d'ábhair a choinníonn an lucht féachana greamaithe don tsraith gach seachtain.


Craoltar Ros na Rún ar TG4 gach oíche Máirt agus Déardaoin ag 8.30 in agus craoltar ollchlár gach Domhnach ag 10.30 in.


Comhléiriúchán de chuid Eo Teilifís agus Tyrone Productions is ea an sobaldráma seo do TG4.