Frances Uí Dhireáin

Aisteoir:  Áine Máire Ní Óráin

Clann & Caidrimh: Tadhg Ó Direáin (fear céile), Áine Ní Dhireáin (iníon), Minnie Uí Bhrádaigh (máthair), George Ó Brádaigh (athair).

Slí bheatha: Oibríonn sí i dTigh Thaidhg agus san Ionad Pobail.

Fuinniúil agus croíúil, tá cumas iontach ag Frances teacht ar chomhthuiscint le daoine, is cuma má bhíonn siad cosúil léi nó muna mbíonn. Mar gheall ar an tréith sin, creideann a lán daoine go bhfuil aithne mhaith acu uirthi, ach is duine príobháideach í i ndáiríre agus ní ligeann sí a rún go héasca. Cé go dtaitníonn sé léi a bheith i measc an chomhluadair, tá sí breá ábalta agus théis an méid taistil atá déanta aici is duine neamhspleách, ceanntréan í.

Tá Frances ionraic agus díograiseach. Bíonn sí díreach ina cur chuige agus tugann sí faoi rudaí a dhéanamh gan drogall, gan mhoill. Tá sí diongbháilte – má tá rud éicint uaithi, gheobhaidh sí é. Tá sí in ann ag custaiméirí Thigh Thaidhg – bhí pub ag a hathair i mBaile Átha Cliath agus is ann a bhíodh sí ag obair agus í óg. Oibríonn sí san Ionad Pobail freisin agus bíonn sí flaithiúil lena cuid ama nuair atá rud éigin ag teastáil ón bpobal.

Tá Frances agus Tadhg pósta ó Sraith 14. Tá iníon acu, darb ainm Áine. Do Frances, ní raibh rud ar bith níos tábhachtaí ariamh ná a teaghlach. Tháinig sí tríd an uafás go léir le Andy – Tadhg agus Vince ag fáil réidh lena chorp i lár na hoíche – ag cuimhneamh ar a cailín óg a bheith ar ais slán, sábháilte sa mbaile, ‘s nach mbeadh seans arís ag Andy teacht uirthi. Tá láidreacht thar cuimse inti. In am an ghátair, is bean í nach mór aird a thabhairt uirthi.

Bhí Frances dílis do Thadhg i gcónaí. Briseadh croí s’aice nuair a d’fhág sé í i Sraith 22, le bheith le grá geal a óige, Maggie. Is í Áine, a hiníon óg, an t-aon sólás ina saol san am i láthair.