Faoi Ros Na Rún

Lonnaítear an sobaldhráma sa sráidbhaile ficseanúil Ros na Rún, le béim curtha ar shaol baile agus proifisiúnta na ndaoine atá ina gcónaí ann. Ros na Rún isea an t-aon sobaldhráma ar domhan a léirítear i nGaeilge (tá fotheidil Bhéarla ar fáil). Déantar taifead air i nGaeltacht Chonamara i gcontae na Gaillimhe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá Ros na Rún mar an léiriúchán teilifíse neamhspleách is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin agus isea an léiriúchán neamhspleách is mó ar déanadh coimisiúniú air riamh i stair craolacháin na hÉireann.

Tógadh seit Ros na Rún go speisialta i sráidbhaile an Spidéil, díreach cois cósta agus is le Danú Media anois é. Is ann atá spás stiúideonna, smideadh, feisteas, áiseanna iarleiriúcháin agus oifigí. Comhléiriú isea Ros na Rún idir EO Teilifís agus Léirithe Thír Eoghain. Is iad Siobhán Ní Ghadhra agus Patricia Carroll léiritheoirí feidhmiúcháin an chláir. Beidh Sraith 23 den gclár á chraoladh go luath ar TG4.

Tá lucht féachana dílis seachtainiúil de 150,000 duine ag an gclár go náisiúnta agus go hidirnásiúnta.

Craoltar Ros na Rún ar TG4 do 41 seachtain sa bhliain, ar an Mháirt agus an Déardaoin agus le hollchlár ar thráthnóna Domhnaigh, ó mhí Mheán Fómhair go Bealtaine.