Gráinne Ní Bhraonáin

Aisteoir: Brídín Nic Dhonncha

Clann & Caidrimh: David Ó Laoire (fear céile), Mo Gilmartin (cara).

Slí bheatha: Oibrí i Loinnir.

Cé go measann daoine gur hipí sifleáilte den “Aois Nua” í Gráinne, i ndáiríre is duine an-spioradálta í. Is minic léi a bheith saonta agus neamhurchóideach, agus ar bhealaí is páiste fós í ina croí istigh. Níl aon fhaitíos uirthi an rud atá ar a hintinn a rá, ach ní ghortódh sí duine d’aon turas go deo. Is iontach an cara í, dhéanfadh sí rud ar bith le cuidiú lena comrádaithe, fiú mura mbeadh an cuidiú céanna uathu. Is minic léi luibhliacht a chleachtadh orthu agus tá cur amach maith ag ‘chuile dhuine ar a cógais luibheanna ‘s a táirgí feamainne chomh maith céanna.

Bhí Gráinne an-mhór le David ariamh ach ní raibh sí in ann é sin a admháil di féin. D’imigh sí go Londain le freastal ar chúrsa altranais. Cé gur thaithnigh an saol i Londain léi, bhí sí ag caitheamh i ndiaidh Ros na Rún, agus David ach go háirithe. Cuireadh iontas ar gach éinne nuair a tháinig sí abhaile lena buachaill nua – Ciarraíoch a raibh an-chosúlacht go deo aige le David! I ndeireadh na dála tháinig sí féin agus David le chéile agus phós siad ar an trá i Sraith 22.

Bíonn Gráinne aireach ó thaobh na timpeallachta de. Is breá léi a bheith amuigh faoin aer, ag siúl na trá nó ag bailiú feamainne cois cladaigh. Tá sí bródúil as a ceantar féin agus suim aici an dúiche máguaird a chaomhnú.

Oibríonn Gráinne do Chaitríona, i Loinnir, an sciamhlann áitiúil. Tá sí an-chairdiúil le Mo agus is breá léi cúpla deoch a ól léi i dTigh Thaidhg.