Ceisteanna Chuirtear go Minic

Na Freagraí

  • Cén uair agus cén áit ar féidir Ros na Rún a fheiceáil?

Ar TG4 Dé Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm agus an t-ollchlár Dé Domhnaigh ag 10.30pm.

  • Can I get a part in Ros na Rún?

Más mian leat páirt aisteoireachta a fháil i Ros na Rún seol CV agus grianghraf a tógadh le gairid chuig leiriuchain@rosnarun.com. Más mian leat a bheith ar dhuine de na haisteoirí breise ar feadh lae déan teagmháil le Eamonn / Louise ag 091-558408.

  • Cén chaoi a bhfaighidh mé grianghraf den chléir a bheadh sínithe acu?

Cuireann Ros na Rún grianghraif shínithe saor in aisce ar fáil. Scríobh litir chuig an aisteoir le do thoil agus a n-ainm ar a gclúdach chuig:

Ros na Rún

An Chuasnóg

Baile Árd

An Spidéal

Co. na Gaillimhe

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán faoi Ros na Rún?

Ba chóir aon ghearán a bheadh agat faoi Ros na Rún a sheoladh ar ríomhphost chuig: eolas@rosnarun.com

  • An bhféadfainn turas a thabhairt ar an seit?

Tá an-aiféala orainn ach de bharr ualach mór scannánaíochta a bheith orainn ní chuirtear turais ar an seit ar fáil.

  • An bhféadfainn smaointe i dtaobh scéalta a sheoladh chuig an seó?

Socraíonn an fhoireann scríbhneoirí agus eagarthóirí scripte na scéalta i bhfad roimh léiriúcháin ach má bhíonn aon smaointe agat ná má bhíonn aon scéalta maithe agat faoi charachtar seol chuig eolas@rosnarun.com é agus b’fhéidir go bhfoilseodh muid ar an láithreán gréasáin é.

  • Céard atá ag dul ag tarlú sa tsraith?

Ní fhéadaimid na scéalta a scaoileadh. Ach is féidir réamhamharc a fháil ar an leathanach meáin.

  • An bhféadfainn comhrá le duine den chléir ar-líne?

Ní féidir faoi láthair ach táimid ag féachaint le seirbhís ‘Skypecast’ a chur ar fáil ar an láithreán ina mbeadh carachtair ábalta labhairt leis an bpobal uair sa mhí.

  • Cén chaoi a bhfaighinn aisteoir le freastal ar ócáid charthanachta?

Le hiarratais a dhéanamh ar dhuine den chléir a bheith i láthair ag ócáid, scríobh chuig an duine iad féin ag an seoladh thíos:

Ros na Rún

An Chuasnóg

Baile Árd

An Spidéal

Co. na Gaillimhe

  • An bhféadfainn cóipeanna a fháil de sheaneagráin de Ros na Rún?

Níl cóipeanna de sheaneagráin le ceannacht astu féin ar fhiseán ná ar dvd ach táimid ag súil iad a bheith ar fáil amach anseo. Is féidir roinnt eagrán a taispeánadh roimhe seo a fheiceáil ar láithreán gréasáin TG4