John Joe Daly

Aisteoir: Niall Mac Eachmharcaigh

Clann & Caidrimh: Katy Daly (iníon), Jay O’Connor (garmhac), Deirdre Daly (iníon), Conall Daly (mac), Noreen Mhic Aodha (iarbhean chéile).

Slí bheatha: Meicneoir

Ilcheardaí is ea John Joe, ag déanamh ‘chuile shórt ó obair adhlacóra go dtí obair gharáiste agus anois tá coiléar aige freisin. Tá dea-chroí ag John Joe, tá sé neamheaglach agus tá sé chomh glic le sionnach. Bíonn sé de shíor ag tapú a dheise agus níl aon fhadhb aige na rialacha a lúbabh chun pingin a chuir ina phóca féin. Is mar gheall ar an gcaimiléireacht seo a chlis ar a phósadh le Noreen – ní raibh sí sásta a bheith dall ar dhrochiompar a fir níos mó. D’fhág John Joe a bhean agus a chlann i dTír Chonaill agus tá sé ag cur faoi i Ros na Rún ó shin.

Tá John Joe ag feiceáil i bhfad níos mó dá chlann le blianta beaga anuas agus Katy agus Dee beirt ina gcónaí i Ros na Rún. Tagann Noreen ar cuairt anois ‘s arís lena fear nua, Ferdia, agus fágann sé sin go mbíonn lán tí acu ag argóint lena chéile! Tá roinnt cairde maithe aige ar an mbaile agus Conallach eile, Colm, ina measc freisin. Bhíodh sé an-chairdiúil le Mack go dtí go ndeachaigh sé i mbradaíl ar Dee le iníon eile John Joe, Katy. D’fhéadfá a rá nach bhfuil an cairdeas céanna eatarthu ó shin i leith.

Is maith leis an chraic ‘s an comhluadar i dTigh Thaidhg. Imríonn sé cártaí agus is breá leis cúpla geall a chuir síos freisin. Bíonn sé féin agus Tadhg ag spochadh as a chéile; bhíodh rudaí sórt draighneach eatarthu i gcónaí agus iad i mbun an obair adhlacóra le chéile, ní thagann feabhas air sin agus iad beirt páirteach i ngnó an choiléir.

Rógaire agus cara maith – is féidir leis a bheith beag beann ar an dlí ach tá sé thar a bheith dílis dá chairde ‘s dá chlann agus dhéanfadh sé rud ar bith len iad a chosaint.