Katy Daly

Aisteoir: Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Clann & Caidrimh: Jay O’Connor (mac), Cuán O’ Connor (leasmhac), John Joe Daly (athair), Noreen Mhic Aodha (máthair), Deirdre Daly (deirfiúr), Conall Daly (deartháir), Jason O’Connor (fear céile).

Slí bheatha: Cócaire

Is í Katy an duine is óige de chlann John Joe Daly. Tá sí cantalach agus ionsaitheach; tá a fhios aici cén chaoi leis an gcloigeann a oibriú ar dhaoine. Bhíodh a hathair as láthair go minic ina hóige, mar sin d’fhoghlaim sí le breathnú amach di féin. Tá dreach crua aici len a leochailleacht a chlúdadh agus í a chosaint ar ghortú. Tá go leor muiníne aici agus tuairimí láidre faoi fhir – iad seo mar gur éirigh sí aníos d’uireasa a hathair.

Nuair a tháinig Katy go Ros na Rún ar dtús bhíodh sí féin agus John Joe ag tarraingt in aghaidh a chéile, ach de réir mar a tháinig siad tríd anró an tsaoil d’athraigh a meon i leith a hathair agus ba mhinic léi dul aige in am an ghátair. Tá Katy fós chomh ceanndána agus teasaí is a bhí ariamh agus tá sí tar éis a dóthain trioblóide a tharraingt uirthi féin le cúpla bliain anuas. Muna raibh rudaí dona go leor idir í féin agus a deirfiúr Dee, níor chuir sí aon fheabhas orthu nuair a chodail sí lena fiancé Mack. Tá brú curtha ar ‘chuile chaidreamh atá ag Katy ó shin i leith agus níor éirigh le Jason an peaca a mhaitheamh di go fóill ach an oiread.

Nochtann Katy a croí lena deaide dílis faoi seo ar fad. Níos minice ná a mhalairt is é an taobh goilliúnach seo di a fheicimid na laethanta seo.