Laoise Fallon

Aisteoir: Seosaimhín Uí Shúilleabháin

Clann & Caidrimh: Peadar Ó Conghaile (athair, nach maireann), Eibhlín (máthair), Marcus (leathchúpla), Eric (leannán).

Slí bheatha: Oibrí i bpolathollán Ros na Rún

Is duine lách, éirimiúil í Laoise. Tá féith an ghrinn go smior inti agus is minic di a bheith ag gáire. Is breá léi a bheith amuigh faoin spéir ag baint is ag cur sa ghairdín. Oibríonn sí i bpolathollán Ros na Rún. Oibrí chumasach le sluasaid ina lámha aici, bheadh sí breá ábalta ag fear ar bith ar an mbaile.

Níor chas Laoise lena hathair, Peadar, go dtí cúpla bliain ó shin. D’fhás sí aníos lena máthair agus a leasathair, gan fios ag Peadar gurb ann do Laoise ar chor ar bith. Bhíodh Peadar ag siúl amach le máthair Loaise fadó ach ní raibh a fhios aige go raibh clann orthu go dtí gur tháinig sé trasna ar litir uaithi, nár tugadh dó ariamh, ag insint dó faoin toircheas. Tamall ina dhiaidh seo tháinig Laoise go Ros na Rún le aithne a chuir ar a hathair. Cé go raibh ionadh ar chuid do mhuintir Uí Chonghaile castáil le ‘iníon nua’ Pheadair i dtús báire, ghlac siad léi agus d’éirigh Laoise an-mhór le Peadar agus Máire beirt.

Gortaíodh go dona í nuair a cailleadh Peadar go tobann is gan acu ach achar an-ghearr caite le chéile. Ar feadh tamaill i ndiaidh a bháis, mhothaigh sí gan chara gan chompánach ach theann muintir Uí Chonghaile isteach léi agus thaispeáin siad di gurb é Ros na Rún a baile feasta.

Tá sean-aithne ag Laoise ar an gCeannfort Uí Shé. Chuaigh siad chuig an gcoláiste le chéile agus tá siad an-chairdiúil ó shin i leith.

Nuair a thosaigh Laoise ag dul amach le Eric (iarfhear céile Imelda) i ngan fhios don cheannfort cuireadh brú ar an sean-chairdeas seo. Ní mó ná sásta a bhí Imelda nuair a fuair sí amach futhú. Ach mhair a gcairdeas an triail agus théis do Laoise agus Imelda labhairt amach go macánta faoi, tá siad ag réiteach go maith lena chéile arís.

Tá cónaí ar Laoise i dteach Mhichíl Seoighe agus í ag roinnt tí leis féin agus a iníon Réailtín. Réitíonn an triúr acu go maith lena chéile agus is dea-shampla í Laoise i saol an déagóra óig, Réailtín.