Mack

Aisteoir: Pól Ó Gríofa

Clann & Caidrimh: Deirdre Daly (bean chéile), Aidan Ó Riain (athair, nach maireann), Carmel Uí Riain (máthair, nach maireann), Éilís Ní Riain (deirfiúr), Úna Ní Riain (deirfiúr), Mo Gilmartin (neacht), Peatsaí Ó Riain (uncail).

Slí bheatha: Úinéir Luas na Rún

Níl aon seafóid ag baint le Mack, tá sé cairdiúil agus pearsanta. Tá sé ábhailleach lena ghreann agus is maith leis craic a bheith aige lena chairde. Tá cuma muiníneach air agus cuireann sé daoine ar a suaimhneas go héasca. É sin ráite cuireann sé a chois ann go minic freisin!

Ní iondúil go mbíonn mórán ádh air i gcúrsaí grá agus cé go bhfuil sé go mór i ngrá le Dee is féidir leis praiseach cheart a dhéanamh de rudaí léi freisin. Oíche amháin agus é óltach tar éis a bheith ag troid le Dee, léim sé isteach sa leaba lena deirfiúr Katy. Mura raibh sin dona go leor, fuair Katy í féin torrach tamaill i ndiadh seo agus bhí amhras ann faoi athair an pháiste. D’fhan Dee lena fear, mhaith sí dó é agus shocraigh siad bogadh ar aghaidh. Ach i mbaile beag mar Ros na Rún is fusa é sin a rá ná a dhéanamh.

Tiomáineann Mack hacnaí agus is leis an tseirbhís áitiúil – Luas na Rún. Tá scaireanna aige sa chaifé freisin. Bíonn sé an-chruógach idir an dá áit ach bíonn am aige i gcónaí dá chairde agus dá neacht Mo ach go háirithe. Tá sé mar a bheadh deartháir mór aici, ag cur comhairle a leasa uirthi agus á tabhairt amach ag rith nuair a bhuail dúlagar í i ndiadh ionsaí Anto uirthi.