Maeve Ní Loideáin

Aisteoir: Ciara Cox

Clann & Caidrimh: Caitríona Ní Loideáin (máthair), Breandán Mac Gearailt (athair, nach maireann), Vince de Búrca (leasathair).

Is cailín óg soineanta í Maeve, nó sin a thabharfadh sí le tuiscint dúinn. Tá sí ag freastal ar an mbunscoil áitiúil agus is maith léi í. Tá an-suim aici in eolaíocht ach go háirithe. Ní chuireann máthair Mhaeve mórán spéise in obair bhaile a hiníne ach uaireanta tugann Vince lámh cúnta le turgnamh eolaíochta nó dhó. Bíonn foighid aici agus í i mbun tionscnaimh nó ag cuidiú le Vince le jab beag DIY. Bíonn fonn diabhalaíochta uirthi scaití agus thapaigh sí a deis lámh Vince a ghreamú don chabhantar i Sraith 22 agus é ag obair le gliú. D’fhág sí ann é agus rith amach as an árasán – an bithiúnach!