Mo Gilmartin

Aisteoir: Marie Bheag Breathnach

Clann & Caidrimh: Tomás Gilmartin (athair uchtála, nach maireann) , Ita Gilmartin (mathair uchtála, nach maireann), Úna Ní Riain (mathair fola), Feargal Ó Briain (athair fola), Mack (uncail), Ollie (leathdheartháir), Colm (páirtí), Peatsaí Ó Riain (seanuncail).

Slí bheatha: Freastalaí Beáir i dTigh Thaidhg.

Nuair a bhí Mo óg bhí sí trioblóideach go maith, ach d’fhás sí amach as sin de réir a chéile. Ní duine banúil í a chaitheann go leor ama le smidiú. Bheadh níos mó suime aici dul le haghaidh pionta leis na leaids ná dul ag siopadóireacht leis na mná. Tá pearsantacht bog ag baint leí agus bíonn sí ag súil le meas ó dhaoine.

Tá Mo ionraic, dílis agus an-tiomanta mar dhuine. Ní bhíonn aon imní uirthi an fhírinne a insint ach an oiread.

Mar ghasúr dílleachta, d’fhoghlaim Mo conas aire a thabhairt di féin agus is duine an-láidir í mar gheall air seo. Tar éis roinnt fadhbanna le cúrsaí grá, tá sí anois ag siúl amach le Colm agus tá an-cion aige uirthi. Tá iontas uirthi go bhfuil sé sásta aire a thabhairt di agus í ag fulaingt le hailse. Tháinig Úna ar ais ina saol nuair a fuair sí amach go raibh a hiníon tinn agus tá siad ag déanamh iarracht caidreamh a fhorbairt.