Niall Breathnach

Aisteoir: Danny Mac Eachmharcaigh

Clann & Caidrimh: Vanessa Breathnach (iarbean chéile), Fia Ní Chonghaile (leasiníon), Liam Óg Ó Conghaile (mac).

Slí bheatha: Iriseoir

Fear réchúiseach, muiníneach is ea Niall. Is furasta labhairt leis agus déanann sé cairde go héasca. Is dual dó a bheith fiosrach agus cuireann sé go leor ceisteanna. Tá sé an-oscailte mar dhuine. Is minic dó a thuairimí láidre a nochtadh ach is féidir leis é a dhéanamh sa chaoi is nach ngortódh sé éinne nó nach ndéanfaí beag d’éinne.

Tá go leor taistil déanta aige agus é ag obair mar iriseoir ar fud an domhain mhóir. Thathnaigh saol breá réidh na hAstráile leis agus bheartaigh sé fanacht ann. Is ann a chas sé le Vanessa. Thit Niall go mór i ngrá léi, bhí beagán teannais ina chaidreamh lena hiníon Fia, áfach. Tráth dá raibh sé briste suas ó Vanessa, chodail sé le Fia. Ba bhotún ollmhór é seo agus bhí aiféala an domhain air ina dhiadh. D’imigh Fia léi ag taisteal agus choinnigh Niall an rún s’acusan ina bholg.

Ní raibh a fhios ag Niall gur leis páiste Fhia, Liam Óg. Thriail Fia ainm an athar a choinneáil faoi rún ‘s d’inis sí bréag faoin dáta a rugadh é le dallamullóg a chur ar Niall. Ach tháinig an scéal amach sa deireadh agus anois tá Niall ag cur faoi i Ros na Rún agus ag caitheamh an méid ama agus is féidir leis lena mhaicín.