
Padraig O’Loingsigh
Aisteoir: Domhnall O’Donoghue
Clann & Caidrimh: Sam (mac), Sonia (iar-bhean céile).
Slí bheatha: Bainisteoir i dTigh Gaudi
Is é Pádraig bainisteoir Tigh Ghaudi agus tá díocas faoi leith aige neart a bhaint amach. Níl sé i bhfad ó cheannaigh sé sciar sa bhialann. Tá sé an-cairdiúil agus slachtmhar le stíl sofaisticiúil. Cheapfá go bhfuil go leor muiníne aige le breathnú air ach tá sé an-dian air féin.
Bhí sé pósta le Sonia le haghaidh dhá bhliain agus bhí mac acu le chéile darbh ainm Sam. Bhí sé ag streachailt lena ghnéasacht ach choinnigh sé é sin ina rún. D’fhoghlaim Sonia go raibh sé aerach nuair a rug sí air sa leaba lena deartháir agus thóg sí Sam uaidh mar dhíoltas.
Tá Pádraig ag déanamh a sheacht míle dícheall caidreamh a bheith aige le Sam anois.