
Peatsaí Ó Riain
Aisteoir: Máirtín Jaimsie
Clann & Caidrimh: Mo Gilmartin (garneacht) Mack Ó Riain (nia), Úna Ní Riain (neacht).
D’fhág Peatsaí Conamara na blianta ó shin, nuair a chuaigh sé ar imirce go Meiriceá. D’oibrigh sé i Meiriceá dhá scór bliain ach ní go dleathach. Tháinig sé ar ais go hÉirinn mar go raibh coinníoll in uacht a athar nach bhféadfadh ach na mic in Éirinn aon talamh nó airgead a fháil. Bhí deartháir níos óige aige, athair Mack, ach níor réitigh siad go maith lena chéile.
Níl aon ghean ag Peatsaí agus Tadhg ar a chéile agus is minic a bhíonn siad in árach a chéile.