Réaltín Seoighe

Aisteoir: Aoife Ní Choisdealbha

Clann & Caidrimh: Micheál Seoige (athair), Pauline Ní Bheirne (máthair, nach maireann), Mikey Ó Beirne (leathdheartháir).

D’fhás Réailtín aníos lena deaide, Micheál, théis dá máthair bás a fháil go tragóideach le hailse i Sraith 9. Is cailín óig, soineanta í fós cé go gceapann sí go bhfuil sí fásta suas go leor le gairid. Is í úilín óir a deaide agus tá sí in ann a bheith millte aige scaití.

Tá dánacht inti freisin – má tá rud éicint uaithi gheobhaidh sí bealach len é a fháil. Tá sí in ann an cloigeann a oibriú ar a dheaide agus rinne sí é seo le cead a fháil uaidh dul ag an dioscó i Sraith 22. Réitigh sí dinnéar dó le taispeáint dó cé chomh fásta suas atá sí ‘s go bhféadfadh seisean muinín a bheith aige aisti. D’oibrigh a cleas go hiontach is tugadh cead a cinn di. Nuair a tháinig sí ar ais ón dioscó céanna caochta bhí Micheál spréachta léi!

Is eiseamláir iontach i saol Réailtín í Laoise. Féadann Réailtín a muinín a chur inti agus pléann sí rudaí léi nach mbeadh sí compordach a rá ós comhair a hathair.