Sam Doyle (Ó Dubhghaill)

Aisteoir: Peadar Mac Donncha

Clann & Caidrimh: Sonia (Mathair), Pádraig (Athair), Dan (Uncail).

Is é Sam mac le Sonia agus Pádraig. Leaid óg ceanndána é atá an-cliste agus greannmhar. Tá sé ag freastal ar an scoil náisiúnta go háitiúil. Tá an-suim aige i sacair. Cheap sé ar feadh a shaol nach raibh a athair ag iarraidh aon baint a bheith aige leis agus gur thréig sé é. Ach tuigeann sé anois nach ndearna Pádraig dearmad riamh air. Cuireadh é faoi chúram Phádraig nuair a bhí Sonia i gcóma agus thug sé sin deis dóibh caidreamh a fhorbairt.