Sonia Ní Dhubhghaill

Aisteoir: Neasa Ní Chuanaigh

Clann & Caidrimh: Singil, Sam (mac), Dan (deartháir), Pádraig (iar-fhear céile).

Slí bheatha: Láithreoir raidió

Is bean dathúil, grámhar agus dílis í Sonia le grúpa beag cairde. Is breá léi ealaíon agus eolaíocht. An tréith is deise a bhí aici ar scoil agus san ollscoil ná an fhiosracht a bhí aici faoin domhan. Ba bhreá léi eolas a bheith aici ar gach rud agus dhá bharr sin bhí an staidéar éasca di. Is maith léi nuair atá ciall agus réasún ag baint le cúrsaí ar leith, níl aon fhoighid aici ar thuairimí daoine atá “airy-fairy”.

Ní mhaitheann Sonia rudaí go héasca do dhaoine, tionchar a bhí ag a hathair uirthi. Tá sí amhrasach faoi fhir agus bíonn fearg uirthi mar gur tógadh a máthair uaithi agus í chomh hóg.

Phós Sonia agus Pádraig agus chaith siad cúpla bliain sona lena chéile ach ní raibh a fhios aici go raibh Pádraig ag strachailt lena ghnéasacht, agus bhí sé an-deacair dhó é a choinneáil faoi rún ar feadh na mblianta. Bhí sí croíbriste nuair a shiúil sí isteach ar Phádraig sa leaba lena deartháir Dan, go háirithe ós rud é go raibh siad pósta le gasúr. D’fhág sí Pádraig agus roghnaigh sí a mac a choinneáil amach óna athair.

Tá grá ag Sonia do Sam. ‘Sé an duine is tábhachtaí di é agus bheadh an ghráin aici dá ngortódh aon duine é. Téann sí as a ciall nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Pádraig ag déanamh teagmháil le Sam taobh thiar dá droim.

Bhí Sonia i gcoma tar éis timpiste carr agus bhí ar Phádraig aire a thabhairt do Sam. Nuair a tháinig sí as bhí sí dearg le fearg go raibh Sam ag caitheamh am leis an bhfear a bhris a croí.