Tadhg Ó Direáin

Aisteoir: Macdara Ó Fátharta

Clann & Caidrimh: Frances Uí Dhireáin (bean chéile), Áine Ní Dhireáin (iníon), Jason O’Connor (mac), Cuán O’Connor (garmhac), Jay O’Connor (garmhac), Eoin Farren (mac), Maggie Ní Chadhain (iarleannán agus leathdheirfiúr nach maireann).

Slí bheatha: Úinéir Thigh Thaidhg

Mar thábhairneoir áitiúil níl mórán a tharlaíonn i Ros na Rún nach mbíonn Tadhg ar an eolas faoi. Bíonn sé cabanta agus go minic searbhasach leis agus is breá leis a bheith ag saighdeadh faoi dhaoine. Tá sé chomh géar le snáthaid agus dá bhrí sin is minic an méid a deir sé a bheith ró-ghar don chnámh. Ní cúis imní dó a ghreann cruálach ag cur na custaiméirí ó dhoras; i ndeireadh na dála, nach aigesean atá an t-aon phub ar an mbaile.

Is é Tadhg an cneámhaire i Ros na Rún. D’oibrigh sé go crua chun a impireacht ghnó a fhorbairt agus ní ghlacann sé leis go cneasta nuair a chuirtear isteach ar a ghnóthaí. Is mian leis a chumhacht agus a stádas a choinneáil ar bhealach ar bith – fiú dá dtiocfadh sé chuig dúnmharú.

Choinnigh athair Thaidhg smacht géar air agus é ina pháiste; mar gheall ar seo tá Tadhg, an fear, an-chrua ‘s gan aon ghéilleadh ann. Cuireadh an dubh ina gheal air cúpla babhta ag a bhean Angela, rugadh beirt pháistí di ag beirt fhear éagsúil fad is a bhí sí pósta leis. Dá bharr sin, tá sé an-deacair air éinne a thrust, gan trácht ar chaidreamh grámhar a bheith aige.

Phós sé Frances agus bhí iníon amháin acu, Áine. Tá sé an-mhór le hÁine bheag agus is maith leis go bhfuil an oiread spioraid agus seasmhacht inti is atá ann féin. Tháinig cor cinniúnach ina shaol nuair a d’fhill grá geal a óige, Maggie, ar Ros na Rún le haghaidh sochraid a hathar. Bhí Tadhg iontach corraithe í a fheiceáil arís, tar éis blianta fada a shaol a chaitheamh dá huireasa. Diaidh ar ndiaidh d’fhoghlaim sé gurb é athair Mhaggie a choinnigh óna chéile iad agus ní hé gur imigh an grá a bhí aici dó. Bheartaigh sé Frances a fhágáil, an pub féin a thabhairt di, ba chuma leis ach a bheith le rún a chroí – a Mhaggie.

Faraor géar ach ní mar a síltear a bítear agus ní oibríonn rudaí amach ariamh do Thadhg Ó Direáin.