Tony Ó Conceannain

Aisteoir: Colman Seoighe

Clann & Caidrimh: Singil

Slí bheatha: Garda

Is Garda é Tony Ó Conceannain a thógann a phost an-dáiríre. ‘Siad na frásaí is coitianta a úsáideann sé ná ‘lean ar aghaidh ansin a chlann, go raibh maith agaibh’ agus ‘níl aon bhaint agaibh leis seo’.

Is fear mór CLG é agus ceapann sé go bhfuil an t-eolas ar fad aige maidir leis an bpeil. Má bhíonn braon pórtair ólta aige téann sé ar aghaidh ‘is ar aghaidh faoin chaoi nár éirigh leis bheith ina pheileadóir Contae.

Tá sé ceanndána agus síleann sé go bhfuil sé ceart i gconaí. Dar leis féin, tá a fhios aige conas bean a láimhseáil ach óna chuid táithí – níl. Té sé gortach lena chuid airgid agus má iarann sé bean amach le haghaidh dinnéar, molann sé di íoc as a béile féin ar mhaithe le ‘cearta mná’. Chomh maith leis sin bíonn sé ag fáire ar mhná eile agus ag labhairt ar a chuid iarpháirtithe.

Chaith Tony roinnt ama i gcaidreamh le Mo ach ní raibh sé i bhfad gur éirigh sí bréan dá chuid seafóid.

Tógadh é i gConamara amuigh faoin tuath agus bhí sé an-seanfhaiseanta mar dhuine i gcónaí.