Úna Ní Riain

Aisteoir: Yvonne Ní Laife

Clann & Caidrimh: Aidan Ó Cualáin (páirtnéir), Mack Ó Riain (deartháir), Mo Gilmartin (iníon), Éilís (deirfiúr), Ollie (nia), Peatsaí Ó Riain (uncail).

Slí bheatha: Sáirsint do na Gárdaí Síochana.

Bean álainn láidir nár cheart trasnú. Is í an dara duine is óige i gclann do ceathair. Ní fhaigheann sí ar aghaidh ró-mhaith lena cuid deirfiúracha is sine. Ach tá sí an-mhór lena deartháir Mack agus tá sí an-chosantach faoi. Croíbhriste ag seacht mbliana deag d’aois, thug sí suas a páiste chun a uchtaithe. Bean dhorcha í de bharr bríseadh croí agus ní bhíonn sé easca aici titim i ngrá ó shin. Beidh foighne ag teastáil ón bhfear atá chun seasamh léi. Chaith Úna blian ag an ollscoil sular roghnaigh sí bheith ina Garda. D’fhreastail sí ar an Teampall Mór i dTiobraid Árainn, ag leanúint slí bheatha a hathar. Cáilíodh í mar sháirsint ag aois an-óg agus bhí sí fíor-ghéar mar sháirsint. Tá sí láidir, iomaíoch, ardaidhmeannach agus proifisiúnta. Tá sé mar aidhm aici bheith chomh maith le fear ar bith. Fiú agus a athair básaithe, tá sí ag iarraidh go mbeadh sé bródúil aisti. Duine dáiríre faoina post isea í atá ag iarraidh go mbeadh eolas a láthair i Ros na Rún.

Tar éis blianta a chaitheamh ag seachaint Ros na Rún, tagann sí ar ais nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil a hiníon Mo tinn le hailse. Tá sí ag déanamh iarracht caidreamh a chruthú le Mo agus aire a thabhairt di agus í tinn.