Vanessa Uí Chonghaile

Aisteoir: Sorcha Fox

Clann & Caidrimh: Fia (iníon), Niall (fear céile), Máire (iar-mháthair chéile), Peadar (iar-athair céile, nach maireann), Liam (fear céile, nach maireann), Liam Óg Ó Conghaile (garmhac).

Bhí Vanessa fiáin ina hóige agus dhéanadh sí cibé rud a ritheadh léi. Ceanndána ach croí maith agus is duine lách í, dílis dá cairde. Is duine neamhspleách í ach nuair a bhaineann sé le cúrsaí grá, is minic a rialaíonn a croí seachas a cloigeann. Tá sí ceanndána nuair a cheapann sí go bhfuil sí ceart.

Baineann sí féin agus Berni ceart as a chéile anois tar éis go raibh teannas ann ar feadh na mblianta nuair a bhí an bheirt i ngrá leis an bhfear céanna (Liam).

D’athraigh saol Vanessa nuair a rugadh a hiníon, Fia. Shocraigh sí síos agus d’éirigh sí níos boige mar dhuine.

Bhris a croí nuair a fuair a fear (Liam) bás tar éis gur phlúch tine an teach ina raibh sé. Bhí iontas uirthi cé chomh láidir a raibh sí ach ní raibh an dara rogha aici. Ba mar gheall ar Fhia ar lean sí uirthi agus tar éis tamaill bhog sí go dtí an Astráil.

D’fhill sí ar an mbaile i Sraith 22 mar go raibh Fia ann agus bhí sí ag iarraidh uirthi teacht ar ais chuig an Astráil léi. Ach ní dheachaigh rudaí de réir mar a bhí leagtha amach aici. Fuair sí amach go raibh a fear Niall mar athair ag mac le Fia.